School: Cromadh (B.)

Location:
Croom, Co. Limerick
Teacher:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0506, Page 301

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0506, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromadh (B.)
  2. XML Page 301
  3. XML “Liosta Focal a Bhíonn i nGnáthchaint agus i gComhrá Muintir na hÁite seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Liosta Focal a bhionn i ngnáthchaint is i gcomhrádh Muintir na hÁite seo.

    (1) Ar nglaodhach do'n choileach ar an dtáirsigh:-
    TEACHTAIRE DÉ AR DEAGH-SCÉALA CHÚGHAINN !

    (2) Giota de phaidir a bhiodh ag m'athair:
    NÁ BÍDHIDH SANNTACH NÁ BRÉAGACH NÁ LOCHTMHAR LE CHÉILE.......

    (Fuaras iad so thuas i mBruighreas-dá-Mhíle i gCo. Thiobrad Árann)

    AINDEISEOIR. AMADÁN. AMALACH. ÁILLEÁN
    ÓINSEACH. BACACH
    BÚNDÚN.I.E. an t-ionathar mór a curtar amach uaireannta tré neart cruadhtain, laige, nú tinnis, Cloistear san abairt seo ag na bearlóirí fós é: dá gcuirtheá amach do bhúndún ní bheifí buidheach díot.

    CNÁIMHSEÁNAIDHE. CNÁIMHSEÁIL. CRÓNÁN. CRÚIBÍN. SEOINÍN. FLAITHEAMHAIL. PÚICÍN. DÚIRNÍN agus DORNÁN
    BEAN SIDHE.
    BEAN CAOINTE. BÓ CHAOINTE
    (an dá cheann deireannacha so ó Bhuighreas-dá-Mhíle i gCo. Thiobrad Árann)
    PÓG MO THÓIN.
    CACH.
    (Bionn an focal seo i mbéalaibh na dtúismhightheoirí chún grándacht an fhocail béarla a choinnéil o chluas-
    (Page 299)
    Dáithí O Ceanntabhail
    Scoil na mBuachaillí
    Cromadh
    Co. Luimnighe
    17.12.34
    Bar. Cois Máighe
    Par. Cromadh
    Do Runaidhe an Roinn Oideachais
    A Chara,
    Tá an leabhar so Béaloideasa criochnuighthe agam, agus tá sé a chur agam chughat. Is truagh liom nach fiú tracht ar an méid Bealoideasa atá le fagháil sa cheanntar so; baineann a a lán cúiseann leis sin, ach go h-áirithe baineann an Galldhachas a lean fás tighthe mór na n-uaisle sa chomhursanacht ag tosach an chéid deireannaigh, baineann sin leis. Pé sgéal é, tá a lán fós le bailtughadh agus déanfad mo dhian-dícheall an chnuasacht is iomláine is féidir a dheánamh. Dá bhrígh sin bheinn buidheach díot dá gcuirtheá coip eile de'n leabhar "Bealoideas", chugham cun leanamhaint de'n bailiuchán.
    Sháruigheas an "teagasg" annso is annsud sna notaí a dheineas, ach dheineas an méid sin soiléir go leor. "Ní foghluim go taithighe " agus deánfad níos fearra an chéád bhabhta eile. Comh fada is tá an eolas agam, níor scriobhadh síos fiu is focal a clobuaileadh ariamh.
    Ní fhaca an cigire an chnuasacht so.
    Mise, le fíor-mheas
    Dáithí O Ceanntabhail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. glossaries (~227)
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Daithí O Ceanntabhail
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir