School: Carrickerry (B.) (roll number 11280)
- Location:
- Carrigkerry, Co. Limerick
- Teacher: Seán Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carrickerry (B.)
- XML Page 395
- XML “An Tiarna Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá mise in mo chómhnuí i nGleannsearúil. Is ann a rugadh agus a thógadh m'athair, leis. Tá sé breis agus seasca bliain d'aois agus is cuimhin leis Cogadh na Talmhan san áit seo.
Talamh fluic, fúar, fíadhain, searbh a bhí san chuid is mó de Ghleannsearúil an uair úd agus mar bárr ar ghac mí-ádh droc Thígearna Talmhan a bhí ar an áit.
De réir mar deirtear liom, bhí Tíghearna maith ar an áit díreach roimh an t-am san. Mr. Yielding dob ainm dó. Fear lághac dob eadh é. Bhí sé go maith dos na tionóntaithe agus bhí síad-san an-cheanamhail air. Tá cuid dá shliocht in a gcómhnuí in aice na h-áite fós agus is mór an meas atá ag lucht na h-áite ortha.
Ní raibh Mr Yielding ró-shaidhbir agus le h-imtheacht aimsire b'éigin dó scaramhaint mar Thighearna Talman leis an áit agus í do dhíol. Ba bhrónadh an lá do mhuinntear na h-áite an lá san.
Cheannuig Mr John C. Delmage an áit. Fear sanntac dob eadh eisean agus tá gráin ag muinntear na h-áite fós d'á ainm agus do réir na scéalta a innstear 'na(continues on next page)- Collector
- Pádruig O Néill
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Glensharrold, Co. Limerick