School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
Saibhreas i dTaisce

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 316

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ina comnuidhe ar an Riasc fadó, agus Con Ó'hArtnéada ab'ainm dó. Aon lá amháin bhí sé amuigh ag baint ná móna ar an bpórtach. Bhuail sé rud éigin leis an sleán, agus tháinig ard áthas air. D'féach sé, agus chuardaigh sé ina thimcheall agus fuair sé platá mór adhmaid. Bhí alán rudaí insan bpláta sin, mar atá, sceana adhmaidh, agus spúinneóga adhmaidh, cupáin adhmaidh, fóth-cupáin adhmaidh agus crócha óir.
Tá lios ar an Riasc, tá sé ibhfeirm muinntir Uí Dháibhis, agus í bparóisthe Árdháca. Deineadh taibhreamh do alán daoine go bhfuil ór curtha id taisce ann. Chuaidh siad ar lorg an óir thosnuigheadar ag romhair, agus bhí poll mór déanta acu. Bíodhar inaice an óir nuair tháinigh madra mór bán, á lean na daoine.Tháinigh eagla orrtha agus ritheadar abhaile ar nós na gaoithe, agus ní tháinigh siad ann arís. Tá an lios ann fós, agus tá an poll mór ann leis.

Collector
Muirceartach Ó h- Éacthigheirn
Gender
male
Address
Rooskagh West, Co. Limerick
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
female
Age
52
Address
Rooskagh West, Co. Limerick
Language
Irish