School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
An Scoil Scairte

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí scoil scairte ar fheirm Eamuinn Uí h-Ifearnáin. Bhí an scoil seo ag duine darabh ainm Seosamh Ó'Raithile i bparóiste Ardachadh. Istigh igcró na mbó a bhíodh an obair ar suibhal, bhí na ba agus na scoláire ins an tigh céadna.
Bhí siad ag sgríobhad ar slinnibh. Labharadar gaedilg agus béarla. Bhí an Maighistir ag fanamhaint insan áit céadna gach lá chaith sé seacht no ocht mbliana ann. Sé an ainm a tugtaí air na an scoláire bocht. B'as lár na h-Éireann é.
Fuair sé scoil maith in áit eigin inaice le cathair Luimnighe. Fear saidhbhir do b'eadh é tar éis tamaill. Nuair a bhí sé san scoil scairte fuair sé cúpla pinginn gach seachtmhain nó mar sin.Bhíodh an scoil ar suibhal acu sa ió.
Bhí tig beag aige inaice na scoile ina chuir fé. Thuit sé tinn uair amháin agus fuair sé bás beagnach. Thugadh Máire Uí h-Ifearnáin bainne dó gach maidin.

Collector
Miceal Ó Mhuirthuile
Gender
male
Address
Ballinena, Co. Limerick
Informant
Eamon h- Ifearnáin
Gender
male
Age
73
Language
Irish