Bhí scoil scairte ibhfeirm Mhuinntir Uí Muirthille fadó. Tá sé sin ibhparóiste Árdachadh. Bhí an scoil ar suibhal i dtig suarach, ní raibh acu ach slinní agus cailc cun sgríobhadh. Muinntí Béarla, Gaedhilg agus Áireamh ann. Ní raibh aon leabhair acu.
Sé an ainm a bhí ar an Maighistir na áoibhinn, tugtaí Maigistir taistil air, fear meadhon aosta ab'eadh é.Théigheadh sé go dt tightí na scoláire gach oidhche agus cuireadh sé fé ionnta, oidhche amháin insan dtig seo agus oidhche eile insan tig seo. Ba é an fear céadhna abhí ann igcómhnuidhe. Bhíodh an scoil ar suibal gach lá.