School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
An Scoil Scairte

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí scoil scairte i gClais fadó. Bhí i bfeirm mhuintir Uí Síthig, agus I bparóiste Átha an t-Sléibhe. Bhí an scoil ar suibhal amuigh fén aer, agus bhí na scoilairí ina suidhe ar clocha móra cois claidhe. Bhíodh aon gharsún amháin ag fhéachaint ina thimcheall ar eagla go dthiochfad na Sasanaigh.
Dheineadar na peanna abhí acú as cleithí, agus dheineadar an páipéar as seithe na n-ainmidhthe, par a tugtaí air. Múintí, áireamh,agus léightheoireacht insan scoil seo, gaedilg is mó a mhúintí ann. Ní raibh acu acht cúpla leabhar ar fad mar bhí siad ró dhaor, agus rud eile ní raibh siad flúirseach. Bhí éadaig strachtha ar an máigistir agus thuightí an scólaire bocht air. Cathair na grúaighe ab'ainm dó, agus rugadh i gCo. an Cláir é. An fhaid is a bhí sé insan áit chuir sé fé í tighte na ndaoine. Ní fhanadh sé in aon áit acht thimcheall le mí, no mar sin, agus théigheadh sé go dtí áit eile annsan.
Ní hé an mháighistir céadhna a bhíodh i mbun na scoile ann gach mí. Téigh gach scoláire a bhíodh ag freastail ar an scoil scairte seo pinginn don maighistir gach maidin de Luain. Bhí an scoil ar suibhal sa ló.

(continues on next page)
Collector
Muirceartach Ó hÉachthígheirn
Gender
male
Address
Rooskagh West, Co. Limerick
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Age
65
Address
Rooskagh West, Co. Limerick
Language
Irish