School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

guidhe dó. Dinnis sé don mnaoi connus mar a bhí, bhí áthas ortha. Chuadhar go dtí Mainistir na Féile. Do chonnaic an bhean spuinneóg ar bfuinneoig ann agus ar seise bá mhaith liom an spuinneog sin do bheith agam. Do labhair an fear agus é ar dearg buile "go raibh sé sáiste i do scórnach" ar seiseann. Annsan léim an spuinneóg isteach in a scornach.
Nuair a chonaic an fear an méid sin thuit sé marbh beagnach, "Cad a déanfaimíd ar aon chor, ar aon chor, ar seisean. Chuimnigh sé ar an tríomhadh guidhe , " A Dhia tóg an spuinneóg amach" arsa sé agus thuit an spuinneóg amach ar an dtalamh.

Uair amháin bhí fear ag dul abhaile ón aonach. Bhí sé deadheanach san oidhche agus bhí sé ag dul treasna gleana. Cad a cífeadh sé ach fear beag ar a raibh caipín agus cóta dearg. Bh sé ag deanamh bróige.
Rug an fear air, "Scaoil liom" arsan

(continues on next page)
Collector
Máire Ní h- Éalaidhe
Gender
female
Address
Ballyine, Co. Limerick
Informant
Bean Uí Mhuirthuille
Gender
female
Age
96
Address
Ballyine, Co. Limerick
Language
Irish