School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fadó, fadó bhí fear ag teacht abhaile ó Caisleán Nuadh Thiar agus bhí sé déidheanach san oidhche. Bhí sé ag dul treasna páirc agus chonaic sé fear beag agus casóg dearg air, Leipreachán abhí ann. Rug sé ar an gcasóig, "leig dom imeacht" arsan an leipreachán. Dubhairt an fear go leigfheadh saor é dá mba rud é go taisbáinfeadh sé dó áit ina beadh ór.
Chuaidh an beirt acu isteach san lios agus dubhairt an Leipreachán leis an bfhear an lios do réabhadh le ráinn. Dhein sé amhlaidh agus le linn na h-oibhre fuair sé an crócha óir.

Collector
Neill Barróid
Gender
male
Address
Ballyine, Co. Limerick
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Age
55
Address
Ballyine, Co. Limerick
Language
Irish

Bhí fear agus bean ag dul go dtí Mainistír na Féile, go dtí an aonach. Bhí asal ríghin acu agus bhí sé mhall ar bóthar. Chuaidh an fear isteach san gleann agus do sraith sé bata chun an t-asal do bhualadh. Nuair do chuaidh sé isteach 'san gleann do chonaic sé leipreachán, rug sé greim air, dubhairt sé leis ór do thabhairt dó.
Níor thug sé aon ór dó, ach thug sé trí

(continues on next page)