D'inis m'athair sgéal ana dheas dom idtaobh Leipreacháin, agus seo síos é. Fadó bhí sé féin ag dul abhaile aon oidhche amháin ó dtig éile. Nuair abhí sé ag dul treasna srutháin do chuala sé fothramh agus d'féach sé ina thimcheall agus cad a chonnaic sé ach fear ana bheag. An fear is lugha da bhfeacha sé riamh, ar a raibh cóta dhearg, agus caipín dhearg, sé an leipreachán féin a bhí ann.
Do Cuaidh sé suas go dtí an fear a bhí ina shuidhe ar bhórd beagh, agus sé ag déanamh bhróige. D'feach m'athair air ar feadh noimeadh agus bhí sé ag dhéanamh na bhroighe go thaipidh. Annsan arsa m'athair leis, "Tá tú ag déanamh na broighe go tapaidh".Sé an rud ag dubhairt an leipreachán na, "Tá mé. ach níl mé comh thapaidh leis an bfear atá inaice leat". D'féach m'athair ina timcheall
(continues on next page)