School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
M'Áit Chónaithe

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 263

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Táim im comhnuidhe i mBaile Uí h-Eidhin. Sé an fáth go bhfuil an ainm sin ar an áit ach go raibh muinnitir Uí h-Eidhin ina gcomhnuidhe ann fadó. Tá isteach is amach le ceithre fichead de líontighe ins an áit sin, agus thimcheall le céad daoine. Do bhí níos mó tighthe ann fadó, na mar atá ann anois. Ceann slinne is mó atá ar na tighthe anois.

Níl ach cúpla shean-daoine in-a gcomhnuidhe ins an áit sin, agus is féidir leo scéalta Béarla d’innsint. Tá aithne agam ar bheirt duine acu. Seo sios na h-ainmeacha atá ortha. Diarmuid Ó Suilleabhaín. Baile Uí h-Eidhin. Caisleán Nuadh Thiar. Bhean Uí Mhuirtuille. Baile Uí h-Eidhin. Caisleán Nuadh Thiar.
Cuaid alán daoine go dtí Mheiriocá ‘san t-sean aimsir as an áit sin. Talamh fóghanta atá ann. Prataí agus coirce is fearr a thagann ann. Níl aon loc ann, ach tá cúpla srutháin. Níor chualas aon amhrán a bhaint leis an áit, agus níor chualas aon sgéal ar na srutháin atá ann ach an oiread.
Máire Ní h-Éalaidhe, Baile Uí h-Eidhin

Collector
Máire Ní h- Éalaidhe
Gender
female
Address
Ballyine, Co. Limerick
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Age
63
Address
Ballyine, Co. Limerick
Language
Irish
Location
Ballyine