School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
Sprid na Bearna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Aon uair amháin bhí sprid mná ann. Sé an ainm a bhí uirthí na sprid na Béarna. bhí sí ina comhnuidhe i mBéarna. Nuair a chonaic na daoine an bhean sin bhí eagla ortha, mar marbuigheadh sí gach leanbh.
Aon oidhche amháin bhí fear ag dul go dtí an baile Mór. Bhí capall agus carr aige. Do chonnaic sé an sprid ar an mbóthar. "Cá bhfuil tú ag dul" arsan sprid. "Táim ag dul go dtí an bhaile Mór" arsan an fear. "An bhfuil chead agam dul inairde ar an gcárr" ar sise. "Tá", ar seiseann. Nuair a bhí sí inairde, bhuail an fear an capall mar ní raibh sé ag sodar go tapaid toisg go raibh an bean ró throm.
Do thit an capall ar an mbóthar agus do bhí sé marbh. Sé an pionós a cuir sagairt uirthí ach gach aon braon uisce do taoscadh as an bfarraige le méireachán gan tón. Dheirtear go bhfuil an obair sin ar suibal aice fós.

Collector
Cáit De Barra
Gender
female
Address
Dunganville Upper, Co. Limerick
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
female
Age
39
Address
Dunganville Upper, Co. Limerick
Language
Irish