School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)
- Location:
- Ballinloughane, Co. Limerick
- Teachers: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na blianta fadó o shoin do bhí bean ana crosta ina comhnuidhe in Eirinn. Sé an ainm a bhí uirthí ná Máire O' Sheasnasaigh, droch duine ceart ab iad súid. Deirtear gur dhein sí rudaí ana crosta ar fad nuair a bhí sí ina beatha. Nuair a fuair sí bás chonnaic na daoine a sprid gach oidhche i barna atá suidhte in aice le Caisleán Nuadh Thiar, da bhrigh sin tugadh sprid na beárna uirthí. Chualas gur mhairth sí a fear céile agus a bpáistí feín uair amháin. Chuir sí eagla an domhain ar na daoine go leír mór thimcheall na h-áite, agus aon duine a chonnaic i riteadar agus lean sí iad ach ag glaodhach an coilig d'imrig sí gach maidin. Chuir sagart amach as an aír i go dtí an fairrge cun an uische do tágainn as le méarachán gan aon tón. Tá an obair sin ar suibhal aice fós. An duine a scríobh an scéal :
Máire Ní h-Ealaidhe,
Baile Uí h-Eidhe,
Caisleán Nuadh Thiar,
I gCo Luimnighe.
Aos : 63 An duine a innis an scéal ÷ M’athair.- Collector
- Máire Ní h-Éalaidhe
- Gender
- Female
- Address
- Ballyine, Co. Limerick