School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)
- Location:
- Ballinloughane, Co. Limerick
- Teachers: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San am fadó dhein na daoine a gcoinnle féin. Nuair do marbhuigheadh bó no caora, baineadh an blonóg as. Cuireadh an blonog isteach í ngriosóir ós cionn na teine cun é do leaghadh, annsan tughadh olar air. Fuaireadh luachra agus baineadh an cuid ba mhó ar chroichinn díobh.
Bhíodh corcán mór de uisce te acu agus cuireadh an ngriosóir ina raibh an t-olar isteach ann cun é do coiméad te. Tomhadh na luachra isteach san olar go dtí go raibh siadh clúdhuighthe le h-olar. Annsan tóghadh amach iad le tiormú. Thugadar coinneal thomtha ar sin.
Nuair ná raibh na coinnle acu. Bhíodh scolbh gúise acu agus lasadh as an dteine é. Bhíodh coinnle múnla ann leis. Fuaireadar an blonog agus chuireadar an blonog isteach in griosóir ó's cionn na teine cun é do leagadh. Fuaireadar buaicheas agus chuireadar isteach san múnla é agus líonadh le h-olar é fágadh le tiormú é agus bíodh an coinneal réidh le lasadh annsan.- Collector
- Máire Nic Aoidh
- Gender
- Female
- Address
- Rooskagh West, Co. Limerick