Dinnis mo athair an scéal seo dom, agus seo síos é. Fadó nuair a bhí sé féin in a gharsún. Bhíodh sé ag imirt cartaí gach oidche i dtigh eile a bhí inaice leis. Aon oidhche amháin do chuaigh sé go dtí an tigh agus tósnuigeadar ag imirt na gcartaí.
I lár na h-oidhche tháinig madra mór dubh isteach insan tigh ina rabhadar. Bhí teinead mór air an dhteinteán, agus di luigh sé síos ann. Ach má luigh, chuir sé an teine ag eitilt in gach dtreó agus níor dfhág sé spré teine ann. Annsan d'oscail sé an doras agus do chuaidh sé amach. Do chuir sé eagla ar gach duine abhí innsan dtigh. Dubhairt m'athair liom gurbh an Diobhal déin abhí ann.