School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
Seanscéal i dtaobh Leasa

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 220

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

D'innis mo mháthair scéal dom mar gheall ar lios. Tá sé suidhte i bfeirm muinnthir Uí Dubhluigh ar thaoibh an bóthair i mbaile Uí Lidhne, i bparóiste Árdacadh, i gConndae Luimnighe. Chuala sí an scéal seo ó a máthair féin, beannacht Dé le na h-anam, agus seo síos é.
Fadó, fadó, bíodh daoine ag imirt peilí, istigh insan lios gach oidhce agus mór thimcheall an leasa, bíodh coinnle ar lasadh. Aon oidhce amháin dá rabhadar ann, bhí fear ag gabháil an bóthair agus chonaic sé iad ag imirt peilé. Tháinig eagla air agus thosnaigh sé ag rith mar, "Is fearr rith maith na droch seasamh".
Nuair a cheap sé go raibh sé imtighte as a radharc, d'féach sé mór thimpeall air ach ní fheacha sé aoinne na faich insan lios. Nuair a bhí an fear sin imtighthe, tháinigh buacaillí na h-áite seo agus chonaic siad iad ag imirt peilí le na céile. Chuadar isteach ins an bpáirc, ach má chuadar ní fhéacadar aoinne ann.

Collector
Peig Ní Catháin
Gender
female
Address
Ballynahown, Co. Limerick
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
female
Age
43
Address
Ballynahown, Co. Limerick
Language
Irish