School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)

Location:
Ballinloughane, Co. Limerick
Teacher:
S. Condún, Úna Nic Ádhaimh

Filter stories

Back
/ 357 Forward
Resolution: Low | High
Seanscéal i dtaobh Leasa

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 211

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

D'innis mo mháthair scéal dom mar gheall ar lios. Tá an lios sin suidhte i mbaile na béarna, i bparóiste Árdacha, i bhfeirm mhuinntir Uíh-Artnéada agus seo é an sceul. Aon lá amháin bhí fear ag baint féir' sa pháirc an leasa. Nuair a tháinig an trathnóna bhí an fear bocht an-thuirseach. Shuidh sé síos ar an bpáirc agus thuit codhladh air agus do bhí sé ina chodhladh go dtí a dó déag a clog an oidhche sin.
Nuair a dhúisig sé, tháinig fear mór amach as an lios agus thóg sé an speal isteach leis arís. D'éirig an fear go tapaidh, bhí eagla air agus rith sé abhaile. Níor chuaidh sé treasna an leasa sin arís. Níl fhios agam cad é an ainm abhí ar an bfhear sin. Tá an lios sin ann fós agus tá eolas maith agam air.

Collector
Cáit De Barra
Gender
female
Address
Dunganville Upper, Co. Limerick
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
female
Age
39
Address
Dunganville Upper, Co. Limerick
Language
Irish