School: Creathlach, Mainistir na Féile (roll number 16371)
- Location:
- Crataloe West, Co. Limerick
- Teacher: Dáithí Mac an Bháird
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal
Éan an Cheoil BhinnBhí lánúin ann fadó agus do bhí aon mhac amháin acu. Ní raibh an mac ach cúpla blian d'aois nuair a fuair a mathair bás agus d'fhág san ina dhilleachta é ag brath ar a athair. Ní fada a bhí a mháthair caillte nuair a phós a athair thar n-ais. Tar éis tamaill, do bhí triúr mac ag an mnaoi. Do bhí saol an-chrua ag an ndílleachta ón leasmháthair agus do bhíodh air gach obair a bhain leis an tigh a dhéanamh. Aon lá amháin, do chuadar amach ag siúl agus an dílleachta lena gcois. Do dheineadar drochbheart agus nuair a thángadar isteach, do chuireadar an milleán ar an dílleachta. Bhí san go maith agus ní raibh go holc. Lá eile do mharaíodar cú agus dúradar gurb é an dílleachta do dhein é. Do bhí an-fhearg ar a athair chuige agus dúirt sé leis mura n-iompródh sé é féin go gcaithfeadh sé scarúint leis. Ní raibh ach an méid sin ráite ag a athair nuair a tháinig comharsa isteach agus dúirt sí lena athair gan(continues on next page)- Collector
- Daithí Mac an Bháird
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Eibhlís Ní Chatháin
- Gender
- Female
- Age
- 22