School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 431
- XML “Eachtra Capaill an Chuimín - The Story of the Wandering Nag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ag teacht i neart, i mes 's indócas
Mar gheall ar fhear an chapail dá fhóirthin: - 140
'San oidhchee a gan fhios tig scramaire tóin bhreac
Fear scriosúnta, bithúnach bórthach
Cladhaire na croiche agus ropaire an chórda
Agus dfhuadaig sé an gearán ruadh fé thóin leis.
Na scéala san d'Éamonn nuair fógradh - 145
D'eirig suas go luath ró-mhoch
Ag gluaiseacht fé thuairim n gcoine
Ní nár thaithig chun reatha 'na bhróga
Do chuarduig calaithe a's talamh a's tóchair
Curraighthe, coillte, mínlig, móinte - 150
Sléibhte (ínsí) coinnlig, cór-chnoic
Agus níór stad go bráthach go tráthnóna.
A thuairis ar bhuachaillíbh bó chuir,
Agus ar mhaor gach páirce fásaig feoir-fhlich,
Ar aodhaire gach tréada ar an dteorainn, - 155
Agus chuir a lorg i ndoras gach póna.
Níor dhearmaid baile margaidh na lóngphort
Gan fear a chluig a chur dá fhógairt
'S bheith ag tairiscint breab ar a thóraisc. - 160
Fé Shléibhte Uibh Laoghaire do seoladh
A's caraig gach eachrois 'nar b'eol do
I nGleann ó Ruachta do ruaig an cruadh róich é
Agus i nGleann Fleise le leisce níor chomhnuig(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Donobháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Myross, Co. Cork
- Informant
- Liam Ó Donobháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Kippagh, Co. Cork