School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Page 121
  3. XML “An Roth Tosaigh Abú”
  4. XML “Pinniúirí na Reilige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Sin mar lean Páidín ag caint, agus ag moladh agus ag gríosadh an rótha bhig tosaig; agus ag cáineadh an rotha mhóír deiridh; agus cad déarfá ach sa deire thiar thall agus gan aon choinne aige leis bhí Páidín istig i gCathair Corcaighe - áit atá caogadh míle ó Dhún na Séad atá thuas ar fad in Iarthar Corcaighe.

    (Conchubhar Ó Coileáin O.S. Dún na Séad do scríobh síós é seo.)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá roilig in Inis Arcáin agus i n-aice geata na roilige bhí dá phinniúir san tsean-aimsir Timcheall seascad bliain ó shoin do thuit na pinniúirí sin ar a chéile. Bhí sé de cháil ar na pinniúirí seo go gcomhnuigheadh sprideanna ionta agus bhí eagla ar na daoine na clocha do thógaint leo. Bhí fear (Protastúnach) sa chomhursanacht ámh agus bhí tig dhá thógáil aige.
    Bhailig sé cuid des na clocha mar bhíodar go deas agus thóg sé leis iad. Ách pé cúis ba bhun leis, chonnacthas é an mhaidin na dhiaidh sin agus é ag cur na gcloch thar n-ais sa phinniúir airís.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.