School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Page 055
- XML “Caoine an Phaoraig”
- XML “Lament for Fr John Power”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Í bpróisthe Ruis atá. Tullineasky sa Bhéarla (C) ochtar driothár a bhí aige. Do bhí dreifiúr aige leis agus í pósta ar an Sraoileán. (d) a ndeas lámh = an tAthair Seán feín.
M Ó'C - Ar an gcéad leathanach eile cuirim Béarla do dhein Deiní O Súileabháin éigin ó Bheanntraighe nú ó Dhún Mánmhuighe, agus Gaoluinn do chuir Míchéal Chormaic air. Tá an Béarla ana throm. Ó Dhiarmuid Ó hIarfhlatha - colceathair lem' bmáthair fuaras iad so - Beannacht Dé len a anam.Níl aon chúntas agum i dtaobh an tSúileabhánaig seo ach amháin nárbh é Donchadh an Leathanachta é.Chanadh Diarmuid é go minic agus bhíodh colg air nuair ná heistighthí leis go deire na scríbe.Is é fonn atá air ná leagan de " 'S a mhúirnín dílís" nú "An Díbearthach ó Éirinn. Tá an fonn nú ceann cosmhail leis ag an Athair Padraig Breathnach ina leabhríní ceoil "Beannacht a's buadh Dé." Mícheál Cormaic do cheap é sin leis, agus is ó Sheán Buirséal - gaol le Mícheál Chormaic do tógadh sios é.(continues on next page)