School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Page 006
- XML “Liosta Filí Chairbre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine acu. Do dheineadar san agus bé "An Móta Glas" ceapadóireacht Dhonchadh Uí Shúileabháin.
An Donchadh céadhna san, dhein sé san Caoine do cheap sé ar an bPaorach.
"Táim tanathach tréith gan ghné na hóige
Agus ní ghlacfaidís éigse an léighinn 'na gcóir me
Ach ó athruighis saoghal fé scéim na glóire
Beannacht Mhic Dé a's na naomh ad bhóthar"
Cér b'iad na héigse ná glacfadh 'na gcóir é? Ní foláir dar liom nú bhí Cúirt éigin, agus gur cheap lucht na cúirte ná raibh a dhóithin léighinn air chun bheith páirteach leo féin. Ach samhluighim féin gur cheárdamhla agus gur b'ealadhnta na ranna do cheap sé ná éinne eile acu. Nú, b'fhéidir go raibh sé ró-cheanamhail ar an ól, mar is minic a thagaraighean sé do, 'na chuid dánta.
In amhrán eile dubhairt sé
"Do gheobhainn an chraobh i ngnó na hÉigs'
Dá mb'eol dhom léige ná scrí' ar bun"
Tá amhrán eile i gCairbre againn nách eolach cé cheap é: " An Bheistín Liath." Ní hé seo " an Bheistín Liath" atá i gCeol ár Sínnsear ag an Athair Pádraig Breathnach, ná an ceann do cheap Murtaí Learaí. Ceann eile ar fad é. Is dóigh liom gur b'é Aodh Ó Tuama ó Chorcaigh do scríobh ó Shean Táilliúir é. Níl sé sa leabhar so mar ní duine dár gcoiste chuir síos é(continues on next page)