School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Page 005
- XML “Liosta Filí Chairbre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Domhnal Ó hIarfhlatha ó Ros ó gCairbre
Seán Ó Díomasaig ó Chluain Caoin
Seán "Reaig" Ó Coileáin ón Ráith
Seán Ó Muirthile ón nGort Árd - Pr. na Rátha
Mícheál Ó Caoimh ó Cheanntar Ruis.
Mícheál Ó Cléirig ón mBinn Duibh - Pr. Ruis.
Diarmuid Ó Mathghamhna ón mBraghaid. Pr. Midhe-Ruis.
Pádraig Ó hIcidhe ó Mhidhe Ros
Pól Ó Donogáin ó Cheanntar Ruis.
Agus tuile nách cuimhin liom i láthair na h-uaire.
Bhaineadar san go léir leis an gceanntar. Ach deirtear leis gur chaith Diarmuid na Bolgaighe tréimhse ag obair ar mhianaí Dúinín Ruis, agus is deimhin go raibh an tAthair Labhrás Ó Mathúna tamal na shagart i gCléire. Is ann a cheap sé "Laogh mo Chroidhe."Dámh Scoil.
De dheascaibh gan scríbhní againn is deacair ínsint anois a raibh dámh-scoil nú Cúirt Filidheachta ag filíbh an cheanntair seo ach is dóigh liom go raibh tráth éigin. Ag scríobhadh síos an "Móta Glas" dom ó Dhonchadh na Beárnan ón dTuairín. dubhairt sé liom gurb amhlaidh gur bhuail triúr filí umá chéile lá Domhnaigh san Sciobairín. Trí Dhonchadh dob eadh iad. Do shocruigheadar teacht le chéile coidhcigheas ón lá san agus a dhéantús féin de dhán ag gach(continues on next page)