School: Ballintotas (roll number 15165)

Location:
Ballintotis, Co. Cork
Teacher:
Tadhg Ó Coileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0395, Page 308

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0395, Page 308

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballintotas
  2. XML Page 308
  3. XML “An Talamh do Thomhas i nDornaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Conus is féidir an talamh do thomhas indornaibh? Ceist í sin a chuir ibponnc mé ar feadh ibhfad. Dhá bhliain fichead ó shoin bhíos i'm dhalta scoile an uair sin agus na táibhlí thomhais go maith agam, mheasas. Leis sin, bhí roinnt eolais agam ar shean-théarmaí a bhíodh ag seandaoine mar, "ráin" "umairí"(?) srl, ach ní thiocfadh liom "dorn talmhan" do mheas ar chuma ar bith.
    Driothár m'athar, Dómhnall Ó Coileaín, Lios Beithóige, Clanna Caoilte, a chuir an cheist orm. Bhí se ós cionn 60 bliain d'aois an uair sin. Feirmeoir do b'eadh é agus thaghadh sé chun cabhruithe le m'athair le linn an Fóghmhair go minic. Shuidheadh sé cois claidhe san ngort ag cur faobhair ar lann an innil bainte agus is mó uair a chluig a chaitheas ag seanchaidheacht leis.
    Sa deire thiar thall, nuair bhraith sé nach raibh na ceiste agam, do mhínig sé baint ar arbhair le corrán. Dorn coirce sa turus a a baintí, 'sé sin, bhíodh greim 'san dorn chlé ar an gcoirce ag an t-é a bhíodh á bhaint agus greim aige ar an gcorrán san dorn dheas. Mar sin, lán duirn coirce a baintí sa turas, agus a trí nó a ceithre iarrachtaí bainte in-aghaidh an phunainn. Sin mar a dheintí an talamh do thomhas i ndornaibh.

    Cailleadh m'uncail sa mbliadhain 1928
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish