School: Inis Sionnach (Haulbowline) (roll number 3195)

Location:
Haulbowline Island, Co. Cork
Teacher:
Gearóid Ó Hiarfhlatha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0386, Page 195

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0386, Page 195

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Sionnach (Haulbowline)
  2. XML Page 195
  3. XML “Inis Sionnach - Béaloideas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    I dtosach báire caithfidh mé a rádh gur deachair Béaloideas a bhailiú annso. Tá dhá chúis gur mór le rádh iad cuige sin. Siad so iad:-

    (I) Níor tháinig daoine cun comhnuithe ar an oileán go dtí tosac na naoú aoise deag nó mar sin. Bhí daoine ann roimhe sin ach saighdiúirí ó Shasana abeadh an cuid is mó acu. Ní raibh mórán acu san ann leis.

    (II) Daoine Imirceaca a bhíonn annso igcómhnuí. Níl aoinne thar cionn caogadh blian d'aois ar an oileán fé láthair a rugadh agus a tógadh annso agus fós níl ach aon fhear amháin a bhí in ann a innsint dom gur chaith a shean athair cuid dá shaoghal annso. Cun deimhniú ar an sgéal ar fad níor rugadh aoinne den bheirt acu annso.
    Tagann na daoine ar an oileán agus cuireann siad futha ann nuair abhíonn obair le deanamh annso, sé sin nuair a bhíonn droch fhuadar éigin fé "Sheán Mór". Annsan nuair a bhíonn deire leis an sgrios agus leis an gcreac, stadann an obair dar ndóigh agus imthighteann na daoine indiaidh a chéile.
    Ac pé cu olc, maith nó donaí an cnuasac beag atá deanta agam, caithfidh mé mo bhuidheacas ag gabháil le gac aoinne ar an oileán anois (1937) - Do chabhruig siad go léir liom - agus go mór(?) mór leis an Sagart an tAthair Mac Sheáin S.O., le Seán Uasal Mac Giolla Pádraig, Feadhmanac S.S. , Bord Oibreac Puiblí agus le h-Eamonn De Búrca Innealtóir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Haulbowline Island, Co. Cork