School: Áth Dúna, Gleann an Phréacháin, Mainistir Fhearmuighe (roll number 12542)

Location:
Chimneyfield, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Duinnshléibhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 424

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 424

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áth Dúna, Gleann an Phréacháin, Mainistir Fhearmuighe
  2. XML Page 424
  3. XML “Ag Sásamh Dia agus an Diabhal”
  4. XML “An tÚll Breá Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear a teacht abhaile oidhche agus bhí sé ar meisge. Bhí an dorcadhas ann agus do bhí sé a rádh leis féín chun mising do thabhairt do feín - Is maith Dia, is maith Dia.
    Annsan do cheap sé go gcuirfeadh san fearg ar an Diabhal agus dubhairt sé - is maith Dia - is maith Dia, ach ní h-olc an Diabhal fein.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
  2. Ag droichead a Chaise do bhuall umam sean-bhean
    A cotaí strácaiche is í 'na suidhe
    Dubhairt go tapaidh liom go ndeachaidh leis teachtaire
    Fear agus capall go bórd Eoghainín
    Boch! mo chuma mar shileann mo shúil
    A ndiaidh an t-ubhal úd a bhí breágh buidhe
    'Gus óígbhean múinte bhí taréís a thabairt dom
    Is go dtabharfainn cúig púint ar é blaiseadh airís

    Cuardógham tuille dho Doirín na Macallach
    An Rinn Coille agus an Cnocán buidhe
    Gort na Binne agus Beal Átha Lice
    Is Cnoc a Cuilinn ós cionn Beanntraighe. Boch! srl.

    Cuardóham Corcaig, Baile an Coillig
    Tuath na Dromana is an Dún mBan Bhuidhe
    In Acadh Bolg do thuiteas am chodladh
    Is do gaibh sí tharm mar a rabhas am luighe. Boch! srl.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.