School: Cnoc na Biolaraighe

Location:
Watergrasshill, Co. Cork
Teacher:
Dll. Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 011

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Biolaraighe
  2. XML Page 011
  3. XML “Scéal Spiride”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin bhí fear na chómhnuighe inaice Léimlárach agus saor cloiche do beadh e. Bí bean na cómhnuighe í dtigh eile inaice leis, agus do thuit rud éigin amach eadtharra agus ní raibh siad ag caint le na chéile inaochor. Annsan taréís tamaill do fuair an bhean bás. Bhíodh an fear so amuigh go déanach gach óidhche ag imirt cártaí í dtigh chómharsan agus oidhche amháin nuair a bhí sí ag dul abhaile do bhuail an bhean uime ar an mbóthar agus bhí sí chun é bhualadh nuair a thóg an fear liaghan de chruaidh a bhí in a phóca aige amach, mar deirtear go bhféadfaí sprid a choiméad amach uait le chruaidh agus ins an tslíghe sin do choimeád sé an bhean amach uaidh. Annsan nuair a bhíodh sé ag dul abhaile oidhcheanta na dhiaidh sin agus nuair a bhuaileadh an bhean uime is ins an tslíghe céadna choimeádadh sé amach uaidh í.
    Acht oidhche Domhnagh amháin nuair a bhí a chuid éadaigh nuadh ar agus ná raibh an liagan aige inaochor do bhuail an bhean uime araís agus do súibhal sí suas chúige agus do bhuail sí ar thaobh an chinn é agus d'iompuigh sí cheann béal siar agus d'fhan sé mar sin é. Annsan d'imthigh a bhean agus do chuaidh an fear abhaile, agus ar maidin lár na bháireach nuair d'eiríg sé chuaidh sé go dtí an Sagart agus dhein an shagart ceart araís é. Dubhairt sé leis imtheacht as an dtír ar fad agus chuaidh an fear go dtí America.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seosamh Mac Curtáin
    Gender
    Male
    Address
    Watergrasshill, Co. Cork