School: Cnoc na Biolaraighe

Location:
Watergrasshill, Co. Cork
Teacher:
Dll. Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0382, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Biolaraighe
  2. XML Page 001
  3. XML “Barony - Barrymore - Réamhrá - Stair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Críoch UibhLiathain dobh ainm don cheanntar so ... n-allód. Muinntir Liatháin an treabh Árd-Cheannasach abhí os cionn on chionntair go dtí aimsir na Normánach agus bhí dún nó cathair acusan i gCaisleán Uí Liatháin. (1) Fó-threabh d'Eoghanacht Chaisil dobeadh iad agus tá cur síos ar a gcíosa agus a ndualgaisí do Rí na Mumhan i Leabhar na gCeart.
    Acht tar éis teacht na Normánach thug Einrí II an chríoch so do Riobárd mac Stiopháin. mar bhronntanas sa mbliain 1177. Ní raibh aon duine cloinne ag an Stiophánach agus d'fág sé a "oighreacht" ag mac a dhrifeár, Pilib De Barra. Agus sa mbliain 1208 tá sé curtha síos ins na scríbhinní [?]
    "That "King John confirmed to William de Barry the donation made by Robert Fitzstephen to Philip de Barry, father of the said William, of the three contreds in his lands of Cork, i.e. Olethon, with all its appurtenances; and two other contreds ie:, Muscherie-Dunegon and the condred of Killede"
    Ní raibh an críoch seo i bhfad ag an mBarrach nuair a thóg sé caisleán laidir ag "Barry's court" inaice Charraig Tuathaill (No 6) agus tamall na dhiaidh son tógadh ceann eile ag Caisleán Ui Liatháin. Deirtear go raibh Caisleán ag na Liatháinigh annso romh theacht na Normánach acht dubhairt an [?] mór san
    ---------------------------------------------------
    (1) Castlelyons: - Tímpeall seacht míle ó Cnocán na Biolaraighe agus tímpeall dhá mhíle ó Ráth Chormaic.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Barrymore, Co. Cork
    Informant
    Dómhnall S. Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Príomhoide