School: Ráth Chormaic (C.) (roll number 1878)

Location:
Rathcormack, Co. Cork
Teacher:
Máiréad Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0381, Page 401

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0381, Page 401

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ráth Chormaic (C.)
  2. XML Page 401
  3. XML “Ráth Chormaic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) COILL - SIONNAIGH
    Tá pluaiseanna sionnaigh ann fé chlú 'is cháil ó thús aimsire. Bíonn cruinniú mór ag an lucht fiadaigh ann trí uaire nó níos mó gach bhliadhain - cheann aca ar an gcéad lá de'n Bhliadhan Nuadh. Tagann na h-uaisle ó gach áird na tíre ann an lá san. Bíonn féasta mór fial flaitheamhail ag muinntir an tighe mhóire atá ann agus fáilte roimh uasal agus iseal. Bíonn uisge beatha á dtabhairt amach go fial do gach duine atá ar mhuin chapaill. Bíonn gach Tally-ho asta agus adairce ghá shéidead i dtreó go dtabharfá radharc do shúl a bheith 'na measc.

    2) LIOS - na - gCEÁRR
    Tigh mhór agus feirm an-mhor atá in aice na sráide 'seadh Lios-na-gCeárr. Fad ó nuair a théigeadh na taistealuidhthe ó Corcaigh go Baile-Átha-Cliath i gcóiste bíodh capaill nuadha le fagháil aca san áit seo, agus bíodh céarr le fagháil ann leis. Bíodh bóthar mór ag rith in aice loca mor ata ann ó Fhaithche na Sráide. Tá rian an bhothair sin le feiscint fos mar bhí fir-oibre ag obair ag cur síl ann agus dheineadar amach an bóthar fén fod in áit fé leith. Pádraig Ó Chaoimh agus a mhach Sean ab'eadh iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Rathcormack, Co. Cork