School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Ballyhooly, Co. Cork
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 361

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 361

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 361
  3. XML “Gleann na Bó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit ar a dtugtar Gleann na Bó ar an dtaobh theas den Abhainn Mhór idir Baile Átha h-Úbhla agus Mainistir Fhear Muighe. Tá an áit níos goire don b haile sin ná do Bhaile Átha h-Úbhla agus tá sé suidhte i bpároiste Mainistir Fhear Muighe. Tá sruth beag ag gabháil trid an gleann isteach san Abhainn Móir. Tá scéul ag baint leis an áit.
    Bá lé draoi darbh ainm dó Mogh Ruith Mainistir Mainistir Fhear Muighe agus an áít mór timcheall fadó. Fuair an daroi seo an áit ó Righ na Mumhan mar bhronntanas toisg go bhfuair sé uisce i gcómhair airm an Riogh sin uair go raibh sé féin agus a arm i gceanntar an tirim agus easba uisge ar féin agus a arm tar-éis catha. Dubhairt an rí leis tobar do aimsuighad dóibh agus dein. Do chaith sé a shleagh uaidh agus dubhairt sé leis an rí go bhfuigheadh sé uisge fén dtalamh san áit a thuitfadh an sleagh.
    Bhí bó ag an draoi seo agus gac blian theigheadh sí go dtí tarbh a bhí i nDrom Dairbh taobh thiar de Mhágh-Alla. Ag gabháíl na slighe dí dfanadh s í ag tigh éigin gach oidhche. Geibheadh sí biadh agus cead bheith istigh ó mhuinntir an tighe. Crúdhaidís í maidean is trathnona agus bhí an buadh aici lionfadh sí aon árthac na gcrúdhfaoí í isteac ann. Tár-éis tamaill bhiodh an-fháilte roimpe ag na daoine ar an slighe nuair a thiocfadh sí. Gheibheadh sí go leór bidhe agus dfagadh sí bainne ag muinntir an tighe. Uair amháín bhí sí ag teacht abhaile ar an dturas ó Dhrom Tairbh agus dfan sí oidhce ag tigh i bparóiste Baile Átha h-Úbhla. Bhí an tigh suidhthe in áit ar a dtugtar Knocknamodree anois. Nuair a bhí fear an tighe ag dul cun na bó do crudh bhí sé ag cuarduigh igcómhair an árthaigh ba mhó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Conaill
    Gender
    Male
    Age
    11
    Address
    Ballyhooly, Co. Cork