School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Ballyhooly, Co. Cork
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 357

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 357

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 357
  3. XML “Cill Mór - Kilmore”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit ar an dtaobh theas de'n sraid baile agus sé an ainm atá air, na Cill Mór. Tá claidhe ciorcalach ann, agus tá timceall acra talmhan istig ann. Tá sé suidhte ar barr chuic i mBaile-Mic-Labhrais timcheall mile o'n Abha Mhóir. Níl aon fothraca ann anois ach an claidhe agus póll in a lár. Tá sean reilg istig ann, agus fadó cuirtí leanbaí a fuair bás gan baisteadh.
    Tá seómra beag fe'n dtalamh. Deirtear go bfuil tollán mór ag dul o'n seomra go dtí reilg Cill-Atha. Timcheall triochadh blian ó shin d'oscailuigheadh é agus fuaireadh amac go raibh tollán eile ag dul go dtí líos in aice tighe Mic Ui Mathgamna. Níl síad cinnte i dtaobh an tollán eile ach deirtear go bhfuil sé ag dul go dtí Cill-Átha.

    * * *

    Do bhí fear na cómhnaidhe i gCill an Mhuillin agus do fuair a dhriothair bás thall i Sasana. Do cuireadh an corp go dtí Corcaigh agus do cuaidh a muinntear na chomhair; do cuireadar e i gCill Mór. An t-am san bhí an dlighe deanta gan aon córp do cuir ann, ach leanbaí a fuair bás gan baisteadh. An oidhche seo do bhí taidhreamh ag an bfear agus insan taidreamh thainig solas cuige agus do leabhair sé leis dul go dtí an áit agus an corp do fhághail chun é do chuir insan reilg ceart. Do bhí an reilg ceart i Móin Ainimne. Dubhairt an fear leis an solas nach raibh eolas aige ar an mbóthar go dtí Cill Mór mar do bhí sé tinn an lá a cuireadh a dhriothair. Dubhairt an solas leis go ragadh asé in aonfacht leis cun na h-áite do taisbeáint
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Lombárd
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    Bloomfield Cross Roads, Co. Cork