School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Ballyhooly, Co. Cork
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 352

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 352

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 352
  3. XML “Cill Átha - Killatty”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá Cill Atha suidthe tímcheall míle ar an dtaobh thóir de'n sráidh bhaile ar an mbothar go dtí Mainistir Fhear Muighe. Pároisthe do béad é fadó ach bhaile féarainn iseadh é anois. Níl fíos igcéart ag daoine cadh na taobh ar tugadh an ainm Cill Athá ar an áit.
    Tá sean fóthrach ann agus deirtear gur Mainisthir beagh a bhí ann. Bhí Mánaigh in a gcomhnaidhe ann ach is dóca na raibh mórán diobh ann mar tá an Mháinisthir ana bheag. Do bhí Séipeal í bpáirc Éamonn Mich Cartaigh ag an taobh thíar theas de'n croisre. Tímcheall dá céad slath ón ait in a raibh an t-Séipeal tá ath san abhainn. Sin ait gur féidir lé duine siubhail treasna go dtí an dtaobh eile. Ní deintéar aon uasaid de anois ach deintí ana uasaid de fadó. Deireann daoine gurbh é sin an fath a fuair an ait an ainm mar gheall ar an t-Séipeal bheith gairid do'n áth san abhainn. Níl aon rian de'n Séipeal ann anois ach tugtí Pairc an t-Séipeal ar an pairc in a raibh sé fós.
    Tímcheall céad slath on ait in a raibh an Séipeal ar an dtaobh tuaidh de'n bhothar tá fóthraca dé Mhainistir. Tá reilg mór tímcheall ar anois agus tá alán daoine curtha innte. Insan bpáirc in aice na reilge tá alán poll sa talamh agus tá an cré dearg. Déirtear go raibh monarca ann fadó cun earraí criadh do dheanamh, tá píosaí de's na h-earraí fe'n dtalamh fós. Is dóca go raibh atha (kiln) aca ann cun an críadh do dhóghadh. Is dóca gurbh ó'n atha sin a fuair an áit an t-ainm mar tá sé in aice na h-áite in a raibh an Séipeal.
    Tá cloc cuimhneacháin óscionn cun é do mharcáil. An t-Athair Ó Lionnáin dob ainm dó. Sagart ana mhaith do beadh é cun daoine breóidhte do leigheas. Sar a fuair sé bás dubhairt sé go leigheasfadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Conaill
    Gender
    Male
    Age
    11
    Address
    Ballyhooly, Co. Cork