School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Ballyhooly, Co. Cork
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 351

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 351

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 351
  3. XML “Gleann a' Fanadh - Glenafana”
  4. XML “Renny”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar an dtaobh thiar den bhaile beag idir Con Bhágh Mór agus an Ráth Árd tá aít ann ar a dtugtar Gleann a' Fánadh. Tá gleann sios go dtí an Abha Mór. Fadó bhí uisce ag snidhe ann ach níl aon uisce ag snidhe ann anois.
    Deirtear go cloistí na daoine maithe ag imirt cluche iománaideacht ar thaobh an mbothar i bpairc Seáín Uí Eacteigern. Cloistí glór na bfear, coigeadal na gcomán agus seide na feadóige. Níl ach dhá thigh feimeóra ann agus is é muintir hEacteigern atá na gcómhnaidhe insan dhá thigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
  2. Tá áit ár an dtaobh thiar thuait de'n sráid baile agus sé an ainm atá air na (Renny). Níl fhios againn i gceart cadé an brigh atá leis. Deireann daoine gurab é an brigh atá leis ná "Rinn" (a point) agus deireann daoíne eile go bhfuair sé a ainm ó Reithnig (ferns) a bhí agus tá fós ag fás go fluirseac ann. Níl fhíos againn i gceart cad é an brigh ata le (Renny). Bhí tigh mór ann fadó ach do plaoscac san aer é.

    Fadó le linn Eibhlise beith na banrioghan ar Shasana ba le (Spencer) an file an áit mór timcheal. Bhí mach driothair le (Spencer) na chómhnaidhe i (Renny) agus is minic a thagadh (Spencer) ann ar chuaird. Deirtear gur dein sé an cuid ba mhó dein dán "Faerie Queene" anáirde ar gheig crainn dairighe agus on lá sin go dtí indiú tugtar (Spencer's Oak) ar an gcrann sin. Tá an crann ar phort na h-Abhann Mhóra. Tá tagairt de (Renny) insan dán "Farey Queene".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.