School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Ballyhooly, Co. Cork
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 342

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 342

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 342
  3. XML “Féiltí na Bliana - Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíonn Oidhche Samhna againn an oidhche deireannac de Dheireadh Fóghmhair. Bíonn a lán spórt ins gach tigh an oidhche sin. Bíonn suipéar mór ins gach tigh an oidhche sin leis. Bíonn bairighin breac ins a chómairs agus núair a géarrtar é ní bhíonn fonn ithte orsta act fónn cuardhaigh, bíonn alán rudaí insan mbairighin breac: fáinne, píosa cipín, píosa ceirt, agus píosa trí pinngín. An duine a gheobhaidh an fhainne is é is luatha pósfar, an duine a gheobhaidh an cipín is é is luatha a gheobhaidh bás, má’s cailín a gheobhaidh an ceirt pósfaidh sí táilliúr, agus an duine a gheobhaidh an píosa trí pingin beidh sé saidhbhir.
    Bhíonn spórt eile ag na daoine leis. Cuirtear trí báiriní ar an mbórd, cré i gceann amaín, uisge i gceann eile agus airgead insan gceann eile. Annsan cuirtear puicín ar dhuine. Má chuireann sé a lámh san uisge raghadh sé thar sáile go luath, má chuireann sé a lámh ar an airgead is é is luatha a bheidh saidhbhir agus má chuireann sé a lámh san gcré is é is luatha a caillfear. Cuirtear ubhall ar chrochadh as an síneál, leis, agus léimeann gac daoine cun breith ar an ubhall len a bhéul. Cuireann dhá cnó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish