School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Ballyhooly, Co. Cork
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 325

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 325

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 325
  3. XML “An Crann Comhachta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí crann mór fuinnseoíge in aice an Bhothair Nuadh, agus bé an-ainm a bhí air ná an Crann Cómhachta. Crann mór téagar do bheadh é. Do leagadh é timcheall triochadh blian óshoin. Do bhí timcheall trí cead slat o'n sráid bhaile. Do bhí sé ag fás i bhferim Mhic De Barra, agus bé an crann bá mhó sa pharóiste.
    Deirtear gur léigh Naomh Pádraigh Aifreann in aice an chrainn uair amháin, agus ní raibh aon chléireac aige cun an Aifreann do fhreagairt. Nuair a bhí sé tosnuighthe aige thainigh guth amach as an gcrann ag freagairt an Aifrinn.
    Lá amhain fadó bhí beán ag bailiú cipín agus do bhris sí cuid diobh de'n chrann. Nuair a bhí sí cun íád do chur ar a gualainn, do shleamhnuígh sí an beart igcoinnibh an chrainn agus do ceanguileadh í féin agus na cipiní leis an gcrann. Bhí sí ann go dtí go dtáinig sagart agus so scaoil sé í.
    Do bhí tobar in aice an chrainn. Maidin amháín tháínigh bean lé roinnt eadaighe agus do nighe sí íad sa tobar. An mhaidin na dhiaidh sín do tháínigh sí airís igcóir buicead uisge. Do bí iongnadh uirthí nuair ná faca sí an tobar. Do chuardaigh sí timcheall na h-áite ar feadh tamaill agus sa deire fuair sí tobhar nuadh cupla páirc o'n áit in a raibh an seana cheann. Do bhí an tobar san cosamhail léis an sean ceann, agus deirtí gurbh é sin an seana tobar. Tá an tobar nuadh suidhte dá phairc o'n Abhainn Móir.
    (Tá an scéul seó ag na daoine go léir tímcheall na h-áite)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Conaill
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Ballyhooly, Co. Cork