School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Ballyhooly, Co. Cork
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 320

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 320

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 320
  3. XML “Con Bhághadh Mór - Convamore”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit ar an mbóthar go dtí Baile Caisleán de Róistigh ar a dtugtar Con-Bhaghadh Mór. Tá sé suidhthe in aice na h-Abhann Móra. Deirtear go raibh Fionn-Mac Cumhail agus na Fianna ag fiadhach torc-fiadhain lá. Do bhí tuille mór san abhann agus shnámh an torc treasna go dtí an taobh eile. Do lean na cointe é agud so baghadh alán diobh insan tuille. Ón lá sin go raibh Fionn-Mac-Cumhail beó in Éirinn go dtí indiu tá an ainm sin ar an áit "Con-Baghadh-Mor" mar gheall ar an mbaghadh mór.
    Do bhí tigh breagh mór ann cóis na h-abhann ach timceal ficheadh bliadhan ó shin do dhóigh na ghaedhil é chun díoghaltais do bhaint as na Sasanaigh.
    Tighearna Leasa Tuaithil Lord Listowel nó Earl of Listowel dobh ainm don duine gur leis é. Cheannuigh a shinnsear é timceall dhá chead bliadhan ó shoin. Dó thógadar tig breagh ann agus bhí alán talmhan acu timceall na h-áite. "Hares" a b'ainm dóibh. Ní rabadar ró h-olc mar tighearnaí talmhan. Sar ar cheannuigheadar an áit bhí monarcha coinneall acu i gCathair Chorcaighe agus ní rabhadar ró-saidhbhir. Bhiodh a lán long ag teacht go Corcaigh an tam san lé cruithneach ó America agus on Astrail mar a bhíonn fós. Bhí maoill ar cheann des na longa agus do shil na daoine gur leó an long go raibh sí caillte. Do cheannuigh Hare an long
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Conaill
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    Ballyhooly, Co. Cork