School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Ballyhooly, Co. Cork
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 313
  3. XML “Tóraithe Sagart”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tóraidhthe Sagart (Grimes) Grahame

    Breis is cead blian o shóín do bhí clann na gcómhnaidhe i mBaile Mhic Labhráís insan dtigh in a bhfuil Liam De Róíste na chómhaidhe anois agus sé an ainm a bhí ortha ná na Gruamaigh (Grimes). Gach lá bhídís ag lorg sagart mar gheóbhaidis cuíg púint ó rioghaltas Shasana ar ceann sagairt amr do bhí Phéín-Dlighthe i gcoinnibh na gCataoiliceach an t-am san.
    Lá amháin fuaireadar amac go raibh sagart ag fuireach i dtigh i gCill-Atha. Do bhí amadán ag obair dóibh agus d'airigh sé íad ag socrú cun dul anonn go dtí an tigh. Do bhí tuille ins an abhainn agus níor bh'féidir leó dul an t-aith-ghiorra greasna gó dtí an taobh eile. B'éigin dóibh dul timcheall go tí an droicheád i Mainistir Fhear Muighe. Nuair do bhí síad imthighthe do fuair an t-amadán coileár capaill agus do chuaidh sé sios go dtí an abha. Do leag sé sios an coileár ar an uisce, do shuidh sé in áirde air, agus do chuaidh sé treasna gan ciothrainn. Nuair do bhí sé ag dul treasna dubhairt sé "A Abha Mhóír, A Abha Mhóír na baghadh amadán Peadar." Nuair a shrois sé an dtaobh eile rith sé suas go dtí an tig agus do thug sé an rabhadh don sagart. D'eirigh an sagart agus chuaidh sé an bothar i gcoinnibh na Gruamaich. Do chonnaic an dríothair b'óige é, ach ní dubhairt sé dada, mar do baisteadh é nuair do bhí sé óg. Nuair a shroiseadar an tigh bhíodhar ag cuairdigh ach tar éis tamaill dubhaireadar go raibh "an nead te ach go raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Muiris de Barra
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Killathy, Co. Cork