School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)

Location:
Ballyhooly, Co. Cork
Teacher:
Dáithí Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 311

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 311

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Page 311
  3. XML “Gleann an Ghadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit ar an dtaobh thoir theas de'n sráid bhaile, agus sé an ainm atá ar ná Gleann an Ghadaighe. Tá sé ar an mbothar go dtí Cill-an-Mhuilinn, agus tá chasadh mór ann. Tá chnoc dainséarach in aice an ghleanna. Ta an gleann anois fé chrannaibh. Tá sruth deas ag snighe tríd an ghleann.
    Deirtear go raibh gadaighe ann fadó agus bíodh sé ag goid oir, airgid, agus rudaí luacmhara o's na daoine mór thimcheall. Nuair a bhí a lán dé aige chuir sé isteac i bpróca mór é agus chuir sé é i bhfolach fe'n dtalamh agus léipréachán ag tabhairt aire dó. Sa deire rug saighdúirí Sasana air, cuireadh i bpríosúin i gCorcaigh é, do dtrialladh é, agus cuireadh chun bháis é. Sar ar crocadh é d'innis sé an scéal do fhear eile a bhí san bpriosún. Nuair a tháinig an fear amach d'innis sé an scéal do bhéirt fhear eile in aice na h-áite agus do chuadar ar lorg an óir. B'iad ainmneacha na beirte sin Parthalan Mathgamhna agus "Duine Uasal" Lubhard. Tá a múinntear na gcómhnaidhe san áit fós. Rugadar ar an leipreachán, agus dubhairt sé leo go dtasbaínfeadh sé an áit in a raibh an t-ór dóibh ach go bhfuigheadh duine acú bás nuair a gheóbhaidís an t-ór. Annsan do bhí eagla ortha cuardigh i gcomhair an óir mar ní raibh fhios acú cioca duine a geobhadh bás. Tá an t-ór ann fós agus an leipreachán ag tabhairt aire dó.
    Liam Ó Lombárd
    Baile-Átha-h-Ubhla Theas

    Fuaireas an scéal seo ó mo uncail Séan Lubhard a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Lombárd
    Gender
    Male
    Age
    16
    Address
    Ballyhooly, Co. Cork
    Informant
    Seán Ó Lombárd
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Address
    Ballyhooly, Co. Cork