School: Baile Theas (B.), Malla (roll number 4953)

Location:
Ballyhass, Co. Cork
Teacher:
Tadhg Ó Hanluain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0364, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0364, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Theas (B.), Malla
  2. XML Page 289
  3. XML “Caisleán na Cora - Castlecor”
  4. XML “Béaloideas i dtaobh an Chaisleáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    théigheann duine isteach cuichi agus a aigne bheith saor ó dhúil airgid.
    Luigh bás Aoibhill cómh mór san ar an sean-draoi go bhfuair sé bás le neart bróin. Cuireadh é ar bhárr cnuic in aice le Mainistir Fhearmuighe agus tugtar Carn Tierna mar ainm ar an áit fós. Tá a bhean-céile curtha in áit ar a dtugtar "Labacally" air. Luigh bás Aoibhill go mór ar Chaomh freisin acht taréis tamaill phós sé Cliodhna.
    Tá áit i bhfoisgeacht trí míle do Mhágh Ealla ar a dtugtar Carraig-Cliodhna (Carrigcleena) air. Tá carraigreacha móra annso agus tá béal pluaise 'na measg. 'San áit seo fuair Clíodhna bás.
    (Tá an t-eolas atá thuas le fághbhail i Grove White's Journals on Local History)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cloistear an scéal seo 'sa chómharsanacht acht sé mo thuairim go bhfuil sé measgaithe beagainín leis an gceann thuas. De réir an scéil seo chómhnuigh beirt bhan áluinn 'sa Tigh Mhóir i gCasileán Corr. Athair canncarach abhí ortha. Shíl sé go mbíodh beirt fhear óg ag teacht ag suirghe leó. Bhuail taom feirge é agus d'imir sé draoidheacht ar an mbeirt. Do dhein caith díbbh agus theicheadar isteach 'sa pluais agus de réir an scéil táid ann fós. Cídhtear iad ar Charraig na gCat ar lá-Féile Eoin. Ní fhacas féin riamh iad cé gur chaitheas tamall mhaith ag faire ar an áit.
    (This is also got from Mr Jn Sheahan Ballygraddy Kanturk and he heard it from his parents R.I.P.)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Informant
    Mr John Sheehan
    Gender
    Male
    Address
    Ballygrady North, Co. Cork