School: Baile Theas (B.), Malla (roll number 4953)
- Location:
- Ballyhass, Co. Cork
- Teacher: Tadhg Ó Hanluain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'San am ceadna mhair flaith arab' ainm dó Caomh in-iarthar Duthaighe Ealla. Is minic a théigheadh an fear seo ar cúaird go Caisleán Cor go mór mór nuair a bhíodh (-) ar siubhal. Bhíodh an buadh ag Caomh de gnáth ins na cleasaibh lútha agus ar a shon 'san bhí fabhar ag an Draoi agus go mór mór ag Aoibhil agus Cliodhna leis. Shíl an Draoi cleamhnas a dheanamh idir an bhfear óg seo agus duine d'á inghean mar annsan bheadh an duthaig go léir fé'n a smacht. Acht b'é rud a thuit amach ná go raibh an bheirt ingrádh leis. Bhí an scéal 'na phraisigh annsin. Acht is le h-Aoibhil abhí Caomh ingrádh agus ní fada go raibh lámh agus focal eatorra. Bhí Cliodhna le buile is le báine mar gheall air seo agus i racht feirge chuaidh sí go bean feasa abhí ar aithne aici. D'imir an sean-chailleach a cuid draoidheachta ar Aoibhill agus ní fada go dtáinig deallramh leicneach, tanaidhe ar a gnúis agus a ceannacha agus bhí saghas eitinne 'á marbhú i leabaidh a chéile. D'éag sí sa deire agus cuireadh tórramh uirthi agus cúpla lá n'a dhiaidh sin cuireadh í i bprócláis in aice leis an gcaisleán. I gcuim na h-oidhche tháinig Clidoha agus an bhean feasa agus rugadar corp Aoibhil leó go dtí pluais abhí ingar do'n chaisleán. B'é rud a bhí taréis tuitim amach ná gur thug Cliodhna deoch suain a thabhairt d'á drifiúr agus nach raibh uirthi acht deallramh an bháis. Nuair a tháinig Aoibhill chúici féin cuireadh in iúl di go gcaithfheadh sí fanamhaint 'san bpluais i gclódh cait bháin go deo na Díleann. Deirtear 'sa cómharsanacht go bhfuil sí ann fós i gclódh cait agus go gcuirfear deire leis an draoidheacht má(continues on next page)