School: Baile Theas (B.), Malla (roll number 4953)

Location:
Ballyhass, Co. Cork
Teacher:
Tadhg Ó Hanluain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0364, Page 286

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0364, Page 286

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Theas (B.), Malla
  2. XML Page 286
  3. XML “Caisleán Magner”
  4. XML “Béaloideas i dtaobh an Chaisleáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Magner anois bob a bhualadh ar a shean-námhaid agus é fhéin d'fhuascailt le gníomh amháin. Dá bhrígh sin nuair shrois sé Mágh Ealla thug sé an litir do'n oifigeach agus d'órduigh sé dhó é do bhreith go dtí Colonel Phaire i gCorcaigh. Caidé mar iongnadh abhí ar Phaire nuair léigh sé an litir mar bhí fhios aige gur duine macánta an t-oifigeach. Bhí an mínú le fágh bhail nuair chuir sé teachtaireacht go Cluan Meala. Bhí Magner ar a choimeádh annsin gur marbhuigheadh é i gcath Cnoc na n-Os a troideadh 1647, agus é ag troid in arm na nGaedheal. Coigistigheadh a maoin saoghalta go léir agus tugadh do dhuine ar ab'ainm dó Bretridge é. An t-Iarla Egmont a cheannuigh an caisleán agus an dúthaigh mór thimcheall air ó Bretridge. Tá an caisleán i seilbh muinntear Floinn i láthair na h-uaire.
    (Tá an chuid is mó de'n eolas atá thuas le fághbhail i Grove White's Journals on Local History)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fear gur ainm dó Christopher Langley a chómhnuigheann in aice leis an gcaisleán a d'innis an scéal seo dom. Feirmeoir meadhon-aosta circa 35 atá ann. Tógadh é agus chaith sé a shaoghal s'an áit 'na bhfuil sé anois i.é. Caisleán Magner, Mágh Ealla, Co Corcaighe. Dubhairt sé liom gur chuala sé an sceál nuair abhí sé 'na gharsún ó dhuine arabh ainm dó Eamonn 'Ua Donnchadha atá marbh le deich mbliadhain nú mar sin. Chuala sé an scéal dubhairt sé tímcheall 23 bliadhain
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Informant
    Patrick Browne
    Gender
    Male
    Address
    Castlemagner, Co. Cork