School: Ladhar (C.), Bán-Tír (roll number 8665)

Location:
Lyre, Co. Cork
Teacher:
Síle, Bean Uí Chéilleachair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0361, Page 041

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0361, Page 041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ladhar (C.), Bán-Tír
  2. XML Page 041
  3. XML “Aiséirí Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Solus na soillse agus radhairc na Trionóide
    Agus grásta na Foidhne in-aghaidh na h-éagcórta
    'Sí Muire Mháthair an Gárda comhathach
    Cuire na Soillse agus na naoimh romham-sa
    Beir leit (leat) m'anam go Cathair na Trionóide
    D'árduigheadar leo Mac a' brat bóinne
    Cun ár d'aon Mhac Rí uasal do chrádh
    Do scroiseadar agus do stróiceadar 'raibh d'Fuil agus d'Fheóil ar A Chnámha
    'Sé dubhairt an Rí Mhór le na grásta
    Nár admhálfadh Sé an Páis a bheith a fhollmhuig
    Ach E cur sa Crann in - áirde
    Fághail bháis agus da follmhuigh (fullang = suffer)
    Na tairngí trí na Déarnacha
    Agus go deimhin do cuirfeadh
    A Mháthair a' feacaint Air
    Ba céasa an gnó dí-se
    Na basa aice á bpleáscadh
    Agus na deóracha aice á sileadh
    Cun gus shil sí na cúig ndéoracha
    Agus iad 'na bhFuil ndeirg
    Ag feúchaint ar a h-Aon Mhac
    Agus an íde Aige a fhulang
    'Caoghalach go n-éireóchaidh Sé
    In-aidhmheoin an t-saoghul uile
    Ní éireóchaidh in ao' chor
    Níl anam ar A chumas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Chathasaigh
    Gender
    Female
    Age
    84
    Address
    Kilmacurrane, Co. Cork