School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)

Location:
Ré na nDoirí, Co. Cork
Teacher:
Amhlaoibh Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 477

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 477

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
  2. XML Page 477
  3. XML “An Lá a Bádh Claedí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is cuimhin liom go mbíodh na sean-daoine ag cainnt mar gheall ar an lá a báthadh Claedighe. Bhí an maidin go breádh acht tímcheall lár an lae thosnuigh sé ag déanamh clagair seóidh & 'sé an sgeal a airígheadh um thráthnóna ná go raibh Claedeach báidhte. Is amhlaidh a eirigh tuille san abhainn - An Fhleasg & chuaidh sé amach ar fuaid na tíre. Do bhí seo tighthe cómhangarach do & do báthadh iad. Do bhí fear 'na chómhnaidhe i gceann de's na tighthibh sin & chonnaic sé an tuille ag teacht. Do chuaidh sé isteach abhaile & chuir sé a bhean & a chlann amach in áit árd & chuaidh sé go dtí an móinfhéar chun na gamhna do chuir amach ar eagla na tuille. Nuair a bhí sé ag cuir na gamhna amach do chonnaic sé a bhean ag dul thairis siar san abhainn. Nuair a bhí na gamhna curtha amach aige do chuaidh sé go dtí an áit gur chuir sé a bhean & a chlann. D'fhiafhruigh sé de'n chlann cá raibh a mháthair. Dubhairt an clann gur chuaidh sí isteach ag cuir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Location
    Clydagh River, Co. Kerry / Co. Cork
    Collector
    Seán Ua Liatháin
    Gender
    Male
    Address
    An Chúil Iarthach, Co. Cork