School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún-dá-radharc
- XML Page 003
- XML “Art Ó Laoghaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní raibh cead ag Catoiliceach an uair úd capall níos luachmhara ná cúig púint do bheith aige. Bhí capall luachmhar ag Art agus aon lá nuair a bhí Art ag marchuigheacht ar a chapall tré Mhághchomtha bhuail Protustúnach darb ainm Muiris uime agus do thairg sé cúig púint ar an gcapall. Is amhlaidh a thug Art clabhta duirn dó. An oidhche sin tháinig na saighdiúirí dearga go dtí tigh Ráth-Laoich chun gabhála ar Art. Thosnuigh Art ag caitheamh leó agus bhí Eibhlín ag lochtú na ngunnaí agus chuaidh siad go Maghchromtha gan Art.
Lá eile bhí sé ag teacht abhaile ó'n Carraig-an-Ime bhí na saighdiúirí dearga ag feitheamh leis. Bhí síad i bhfolach istigh claidhe agus nuair a bhí sé ag gabháil thart do chaitheadar piléar tré na chroidhe.
Chuaidh an capall abhaile gan Art. Nuair a chonnaic Eibhlín an fhuil ar an diallait do léim sí ar an gcapall agus níor stad sí go dtáinig sí go dtí an áit na raibh Art marbh. Bhí brón agus cumha na croidhe agus annsan do dhein sí Caoine Airt Uí Laoghaire.- Collector
- Eibhlís Ní Ríordáin
- Gender
- Female
- Address
- Drom an Gharraí, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Buachalla
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- Raleigh South, Co. Cork