School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 253
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)43. Is Ceart crois a déanamh le bualtach ar an dtaobh amuich de'n cró oidhche lae Béaltaine mar ní fhéadfadh aoinne an bainne do ghoid fan na bliadna.
44. Ní ceart clíabhán nuadh do déanamh don céad leanbh ach is féidir é dhéanamh don tarna leanbh.
45. Is ceart an coilleach a thabhairt isteach gach oidhche mar do coiméadfadh sé na daoine maithe amach.
46. Ní ceart an leanbh agus an máthair a fhágaint in na aonar sara mbaistí an leanbh mar deirtear go dtógfadh na daoine maithe an leanbh.
47. Is ceart bata coll do cuir mór-thímpeall barraille an ime oidhche lae Bealtaine mar ní fhéadfadh aoinne an t-ím do thógaint fan na bliadhna.
48. Deirtear dá níghfá t-aghaidh sa drúcht lá Béaltaine go mbeadh gruadna deasa agat ar feadh na bliana.
49. Dá mbeadh duine ag tabhairt clíabhán do dhuine eile is ceart tuige nú pilliúr nú rud éigin a fhágaint istigh ann.
50. Nuair a bhíodh na cearca ag troid fadó nó ag bualadh na sicíní b'é an leigheas a bhíodh ag na daoine ortha ná na cleití do bhaint dá sgíatháin agus do cuirtí trí sróin na circe iad.
51. Nuair a bhíodh bó ag dul in dísg agus nuair a bheadh duine ag glanadh a siní ní ceart é tharrac ar an dtalamh in aon-chor ach ar a crúibín.
52. Nuair a raghfá isteach i dtig agus muintir an tíghe ag déanamh cuigne, deirtear gur ceart(continues on next page)- Informant
- Gobnait Bean Uí Loinsigh
- Gender
- Female
- Age
- 82
- Address
- An Chúil Iarthach, Co. Cork