School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 143
  3. XML “An Fáinne Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí triúr driothráraca ann uair. Lá amháin bhí duine aca ag siúbhal agus casadh bean - sídhe air agus bhain sé an s uil de. D'iarr sí air é a thabhairt thar-n-ais agus go dtabharfadh sí bád do agus do dhein agus fuair sé an bád agus tháinig sé abhaile go sasta, agus thaisbeáin sé do'n bheirt eile é.
    Chuaidh an tarna duine amach an céad lá eile agus chonnaich sé an bhean eile, agus bhain sé an súil di agus d'iarr sé air é a thabhairt thar-n-ais, agus go dtabharfadh sé slaitín draoidheachta dho. Thug sé an súil di agus fuair sé an slaitín uaithi agus tháinig sé abhaile go sásta.
    An trímhadh lá do chuaidh an mach eile amach agus ní raibh sé chun pioc a dhéanamh leis an mhnaoí agus nuair a chonnaic sí é sin ghlaoidh sí air agus dúbhairt sí go dtabharfadh sí rud níos fearr do sin ná do'n bheirt eile, chuir sí a lámh 'na póca agus thóg sí amach fáinne draoidheachta agus dúbhairt sí leis ná raibh le déanamh aige ach é a chuir ar a lúidín agus go ndéanfadh sé gach rud ar domhan do, dá mbé an rud ba dhéine a cheap duine ná daonaidhe riamh agus dúbhairt sí leis 'na togar go mbuadhfadh sé ar an slaitín draoidheachta mar gur bhain sí féin cuid dhe'n cómhacht dhe sin.
    Tháinig sé sin abhaile agus é go h-éadtrom - croidheach agus níor leig sé pioc air mar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0569: The Knapsack, the Hat, and the Horn
    Language
    Irish
    Informant
    Sean Ua Luasaigh
    Gender
    Male
    Age
    63
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Cheapach Thoir, Co. Cork