School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 309
- XML “Ceann an Stáca”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ceann an stáca
Ceann an stáca, leag ar lár é,
Go bhfaghaidh sé práta agus bolmac bláithigh.
Cá mo chuid-se? D'ith an luch é.
Cá bhfuil an luch? Siúd fé'n sop é.
Cá bhfuil an sop? Dóigh an teine é.
Cá bhfuil an teine? Mhúch an abha é.
Cá bhfuil an abha? D'ól an damh é.
Cá bhfuil an damh? Dhein tuagh mór de.
Cá bhfuil an tuagh mór? Dhein tuagh bheag de.
Cá bhfuil an tuagh bheag? Dhein snáthad reamhar de.
Cá bhfuil an snáthad reamhar? Dhein snáthad caol de.
Cá bhfuil an snáthad caol? Chuaigh sé síos annso agus suas annso,
i d' iarraidh beirtín luachra, chúgham-sa agus chúghat-sa,
An té a bhromfadh ná gáireadh, ná taisbeánadh a fhiacla,
fiche buile beag, fiche buile mór, fiche greim siongáin, fiche speach gearáin, agus fiche smúlóg.Slaghdán Shéumais Uí Mhurchadha ó Shamhain go Bealtaine.
Síol iothlann nú clann ministir, ní bhíonn siad buan.
Ól anbhruith caorach,
A's gach a bhfeicfidh do shúil,
Diúr anbhruith mairt,
Ná fág braon de.- Informant
- Tadhg Ó Muláin
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Occupation
- Oibrí
- Address
- An Muirneach Beag, Co. Cork