Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Cork
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 295

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 295

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 295
  3. XML “Gaisce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do bhí fear 'na chómhnuidhe ar na Fuithrí uair. Seán Mór Ó Luasa a b'ainim do. Do phós sé i n-aice Sráid an Mhuilinn. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile tháinig sé trí na Ceapacha. Bhí tarbh le Liam Ó Ailgheasa ar an slíghe roimis a bhí fógartha ar na seacht bpobail gan aoinne ghabháil chuige. Do rith an tarbh chuige chun é mharbhúghadh ach do rug sé ar adharca ar do thóg amach an sgian agus do tharraing a chuid fola.
    Bhí triúr driothár ar na h-Ullánaibh. Liam Mór, Paid Mór agus Dómhnall Mór a b'ainim dóibh. Bhí páircín bhogaig acu agur theip ar na capaill í threabhadh. Tháinig beirt acu fé'n gcéachta agus duine acu ar na hannlaí agus threabhadar an pháircín.
    Bhí hocstaer ar an Áthán. Paidí an Sprait ab'ainim do. Thagadh sé isteach tar-éis lá féir a bhaint. Líonadh sé ciseán ubh, bhuaileadh ar a dhrom é, agus bhíodh i gCorcaigh ar maidin. Thugadh sé an ciseán abhaile leis arís lán de earraí agus bhíodh sé sa bhaile roim dul fé do'n ghréin um thráthnóna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Bán Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cúil Aodha, Co. Cork