School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a buailidís uime ar an mbóthar d'iompuighdí uaidh ar eagla go ndéarfadh sé pingin nó eath-phingin ortha. Ní gheabheadh sé greim le n'ithe ná luach leath-phinne ar a fhocal ó aoinne.
Chaith sé seana aprún a chuir air arís agus breith ar an t-órd agus dul ag obair nó do mharbhóchfadh an t-ocras e féin agus a lín-tighe.
Sé an t-ocras an dochtúir is fearr chun fhéachaint ar dhuine díomhaoin aibruighadh agus go mór mór an bligéard is mó le fághail nuair a bhí sé saidhbhir agus bhí sé níos a mheasa nuair a bhí sé dealbh, mar ní stopfadh sé de bheith a' bruighean agus ag eascaine.
Bhíodh sé ag innsint an mó an t-airgead a chaitheadh sé le dainnséarachas móra agus a bladaráil mar geall ar a chuid airgid agus a brath go bhfaghfadh sé rud éigin ar fhocal a choiméadfadh na bheathaidh é.
Nuair a bhí na seacht bliana caithte airí aige bhí sé féin agus Síle istig sa cheardtha agus iad a' gabhail stealladh ar a cheile. Bhí fuarma i láimh Shíle go raibh trí cosa as agus do thairg sí slais den fhuarma fan leacan ar Liam agus ach an ineon a bhuail sí agus do bhí a sheana aprún leathair ar Liam(continues on next page)