School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 166
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Beirt fhile a bhí ann agus bhídís i gcómhnuide i gcómhluadar a chéile. Mar seo oidhche bhíodar chun bualad uma chéile áit éigin ach theip ar dhuine acu agus ar maidin lar na mháireach labhair an file leis is dúbhairt.
"Bhíos aréir ag glaodhadh ar Bhran - cú Fhínn
Cuir 'an dhéidh agus déanfar baramhail crainn
Ag Carraig na Caolcoille géire do tangaidh le'm shlíghe
Dúig gan tréine mé lag marbh gan brígh"Freagra.
"Más duine tusa atá túirseach caithte cráidhte
O iomarca súlach úbhla - cúmhra agus leanna láidire
Glac-se chúgat-sa más fonn leat teacht id t-shláinte
Ribe do chlúmh na cú san lar na mháireach
------------------------------------------------------
"Níor thuig an sáthach sámh an t-ocrach riamh,
Agus ní raibh sámh do ghnáth ná go mbeadh folamh 'na dhiaidh,
An tuille a bhíonn lán trághann go h-obann is go dian,
Agus is anam a bhíonn grádh ag mhná go ghrogaire liath."
------------------------------------------------------
Cómharta an t-Sheanduine"Imígheann a fionn ar a chús
Imthígheann an plúr ar a phóig
Imthígheann an lúth ar a ghlúin
Is múineann sé anuas ar a bhroig"