School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 140
  3. XML “Nósanna Duine”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tá sé de nós a gCiarraidhe nuair a tógtar an cómhara go geata na roilige geibhtear ceatharar ná bíonn aon ghaol acu leir an nduine marbh chun an chómharthainn a bhreith go dtí an uaig. Sar a cuirean siad an cré anuas ar an gcómharainn bogtar an clúdach agus fágtar mar sin é i dtreó is go mbeadh cead cos ag an nduine marbh ar an saoghal eile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. File ana cháilmhar a mhair i mBaile Mhúirne fadó ab eadh Diarmuideach Seumas. Deirtear gur b'é an file ba bhinne is an cainnteóir ba mhísle a bhí san dúthaig le na línn. Mar seo lá thárla go raibh sé ag gábail siar ar chuaird go baile éigin in iarthar an pharóisde agus cé bhuaileadh sé leis ná file éigin eile ó Ciarraidhe. Deirtear gur b'é Finghín Ua Scanaill é agus ní fheadaramair bhfuil san fíor. Mar b'é gnáthach dóibh chuireadar speic cainnte ar a chéile agus amach sa chainnt labharadar ar chúrsa an t-shaoghail. As an gcainnt ba bheag nár eirig eichrann eatortha. Bhía Diarmuid dhá rádh go mBfhearr gan a thuille síoltú a bheith ar a dtreibhta agus bhí a mhalairt do thuairim ar fad ag Finghín. Mar sin ba mór é an t-aragóint a eirig idir an bheirt. B'é i bhFilíocht a labhairt Finghín sa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish